04/06/2026
Post Úr!
GLEANN FHINNE CUIDEACHTA
FAOI THEORAINN RÁTHAÍOCHTA (GF CTR)
AN CLOCHÁN, CO DHÚN NA nGALL, F93 E304
FOLÚNTAS
Oifigeach Forbartha Pobail (faoi oiliúint)
Tá Gleann Fhinne CTR ag earcú céimí ar chonradh oiliúna ar feadh dhá bhliain tríd ‘Scéim na gCéimithe’ le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tríd an scéim nua seo beidh deis ag céimí Gaeltachta, a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal bainte amach acu le ceithre bliana anuas, taithí mhaith a fháil i réimse na forbartha pobail.
Beidh an post seo lonnaithe in Ionad Oidhreachta Isaac Butt, An Clochán, Co Dhún na nGall.
Beidh an té a cheapfar ag tacú leis an bhainisteoir i reáchtáil an Ionaid Oidhreachta agus beidh sé/sí freagrach do Bhord Stiúrthóirí Ghleann Fhinne CTR.
Ar na dualais beidh:
• Pleananna a fhorbairt le cur le líon na gcuairteoirí chuig an Ionad Oidhreachta.
• Tionscnaimh nua a bhunú agus a fhorbairt.
• Bealaí a aimsiú le maoin a thiomsú do thionscnaimh reatha agus nua.
Tá tuilleadh eolais agus coinníollacha an phoist ar fáil ach ríomhphost a chur chuig [email protected]
Le hiarratas a dhéanamh seol CV agus litir chumhdaigh chuig:
An Cathaoirleach,
Gleann Fhinne CTR,
Ionad Oidhreachta Isaac Butt,
An Clochán ,
Co Dhún na nGall, F93 E304 roimh an 12ú Meitheamh 2026.
Is fostóir comhdheiseanna é Gleann Fhinne CTR.